Cúram & Sláinte Naíonán

Scuab Fiacla Linbh

Tá hanla cuartha ag an scuab seo ionas go bhfuil sé níos éasca a úsáid.

Treoirlínte Sábháilteachta:
Lean na treoirlínte ar an mbosca.

Asúire Sróine

Asúire Sróine le haghaidh mucás a bhaint go nádurtha agus go sábháilte ó shrón do leanbh ionas go bhefidir leo anáil a tharraingt. Is gá a bheith cúramach maidir le úsáid ar leabh níos óige ná trí mhí d’aois.

Treoirlínte Sábháilteachta:
Rabhadh Ná lig do pháiste é a úsáid – ní bréagán é. Léigh na treoirlínte ar an mbosca roimh an gcéad úsáid.

Teirmiméadar Digiteach/Cliste

Úsáid an teirmiméadar digiteach sa phacáiste seo chun teocht an linbh a thógaint de bhéal. Buaileann an teirmiméadar seo má sroicheann teocht an linbh teocht fiabhrais.

Treoirlínte Sábháilteachta:
Rabhadh Ná lig do pháiste é a úsáid – ní bréagán é. Breathnaigh ar an mbosca do theoracha roimh úsáid.

Scuab Gruaige Bhog

Fearas cóirithe a chuidíonn le haire an linbh ón am a rugadh iad. Cruthaíodh an scuab agus an cíor ionas go bhfuileadar bog ar chraiceann an linbh, le ábhair nach scríobann an craiceann.

Treoirlínte Sábháilteachta:
Rabhadh Ná lig do pháiste é a úsáid – ní bréagán é. Léigh na treoirlínte ar an mbosca roimh an gcéad úsáid.

Fáinne Ghearradh Fiacla

Cruthaithe chun drandail tinn a fhuarú agus a mhaolú. Tá an t-earra seo líonta le uisce íonaithe agus is féidir é a fhuarú sa ghnáthchuisneoir. Déanta go heirgeanamaíoch ionas go bhfuil sé éasca greim a bhreith air. Níl aon PVC san earra seo.

Treoirlínte Sábháilteachta:
Nigh roimh an chéad úsáid in uisce te sobalach and sruthlaigh go mion í. Ná beirigh í, ná steiriligh í le gal, ná nigh sa niteoir soithí. Léigh go cúramach na treoirlínte roimh an gcéad úsáid. Úsáid i gcónaí le cúram duine fásta.

Monatóir Linbh

Is monatóir le raon fuaime feabhsaithe é an VTech DM1211 Safe & Sound Audio Baby Monitor. Is féidir súil a choimeád ar do leanbh i seomra eile. Le cumarsáid DECT gan aon chur isteach, ní chaillfidh tú amach: cuireann an tarchur digiteach taifeadadh gan stad ar fáil agus tá faiscín creasa ar ionad an tuismitheora ionas nach caithfear an gléas láimhe a láimhseáil. Íomhá a lonraíonn ar an tsíleáil agus suantraithe boige chun an leanbh a chiúnú. Tá an táscaire fuaime le cúig léibheal foirfe chun na fuaimeanna níos caolchúisí a chloisteáil. Tá macasamhail dhá-slí agus rabhadh teochta chun tú a chur ar do shuaimhneas.

Treoirlínte Sábháilteachta:
Léigh na treoirlínte go cúramach roimh an gcéad úsáid ar conas an monatóir a úsáid.

Siosúr

Siosúr Ingne de mhéid oiriúnach do leanbh le hanlaí cruthaithe go heirgeanamaíoch ionas gur féidir le tuismitheoirí ingne an linbh a ghearradh go sábháilte agus go compórdach. Ba chóir a bheith cúramach maidir le húsáid ar leabh níos óige ná trí mhí d’aois.

Treoirlínte Sábháilteachta:
Rabhadh Ná lig do pháiste é a úsáid – ní bréagán é. Léigh na treoirlínte ar an mbosca roimh an chéad úsáid. Ba chóir é a úsáid go cúramach ar leanbh níos óige ná trí mhí d’aois.

Cíor

Fearas cóirithe a chuidíonn le haire an linbh ón am a rugadh iad. Cruthaíodh an scuab agus an chíor ionas go bhfuileadar bog ar chraiceann an linbh, le hábhair nach scríobfaidh an craiceann.

Treoirlínte Sábháilteachta:
Rabhadh Ná lig do pháiste é a úsáid – ní bréagán é. Léigh na treoirlínte ar an mbosca roimh an gcéad úsáid.

Ceirteacha Muislín

Ceirt muislín 100% cadás, 70cm v 70cm. Scar dathanna dorcha sa mheaisín níocháin.

Treoirlínte Sábháilteachta:
Nigh roimh an gcéad úsáid. 100% cadás. Nigh ar 60 céim.

Chun cealú, tráth ar bith:

Glaoigh ar: 1800 911 566
Cuir ríomhphost chuig: info@thelittlebabybundle.ie